Scoil Chaitlín Maude
Scoil Chaitlín Maude
  • Baile/Home
  • Teagmháil/Contact
  • Féilire Scoile/School Calendar
  • Polasaithe Scoile/Policies
  • Stair/History
  • Táblaí Taitneamhacha
  • Google Classroom

Scoil Chaitlín Maude 
Stair na Scoile
1985-2019 

Bunaíodh Scoil Chaitlín Maude i 1985 le freastal ar an éileamh d'oideachas trí Ghaeilge i dTamhlacht. Ainmníodh an scoil i gcuimhne ar Chaitlín Maude, file agus amhranaí Sean-Nós a raibh cónaí uirthi i dTamhlacht agus a bhí gníomhnach i mbunú Scoil Santain, an chéad Bhunscoil lán-Ghaeilge i dTamhlacht.

Chláraigh 35 páiste sa scoil agus ceapadh príomhoide (Peigí Ní Óráin) agus cuntóir le dul i mbun dhá rang Naíonáin Shóisir. Thosaigh na ranganna i ndá seomra a bhí ar cíos ó Scoil Náisiúnta Bhríde i nGort na Glaise. I Meán Fómhair 1989 ní raibh dóthan spáis i Scoil Naisiúnta Bhríde do ranganna uilig Scoil Chaitlín Maude. B'éigean don Bhord Bainistíochta an scoil a roinnt. D'fhan an dá rang Naíonáin i Scoil Náisiúnta Bhríde. Bhog ranganna a haon, a dó agus a trí go dtí Halla Chumann Gaelach Thamhlachta, thart ar 4km ó na Naíonáin. I mí an Mhárta 1990, an scoilbhliain céanna, bhí ar na Naíonáin bogadh ó Scoil Naisiúnta Bhríde go dti Scoil Shóisir Chnoc Mhuire. I Mheán Fomhair 1990 cuireadh cóiríocht ar fáil do ranganna uilig na scoile i gCnoc Mhuire. Is ann a bhí an scoil lonnaithe go dtí 2016.

I mBealtaine 2016, bhog an scoil go dtí foirgneamh nua, buan i nGarrán an Choill. Foirgneamh dhá-stór atá ann agus tá Naíonra Chaitlín Maude lonnaithe ann chomh maith. 

Tá fás suntasach tagtha ar an scoil ón 35 páiste a bhí cláraithe i Meán Fómhair 1985. Tá 345 páiste ar na rollaí anois agus os cionn 30 baill foirne. ‘Sna blianta tosaigh, bhí an-éiginnteach ann ó bhliain go bliain faoi shuíomh na scoile. Níor chabhraigh sé seo le páistí a mhealladh chuig an scoil. Is cosúil nach mbeidh an fhadhb sin ann níos mó agus anois tá na ranganna Naíonáin lán ó bhliain go bliain.

Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do na tuistí sa scoil agus déanann siad sár-iarrachta feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin. Freisin bíonn páistí na n-iarscoláirí ag freastal ar an scoil anois atá an-deas a fheiceáil.


Scoil Chaitlín Maude
​School History 
  1985 - 2019

Scoil Chaitlín Maude was founded in 1985 to cater for Irish medium education in Tallaght. The school was named after Caitlín Maude, the poet and sean-nós singer who lived in Tallaght and who was active in founding Scoil Santain, the first Irish medium school in Tallaght.

35 children registered in the school and a Principal (Peigí Ní Óráin) and a teacher were appointed to take two Junior Infant classes. The classes were based in two rooms rented from Scoil Náisiúnta Bríde. In September 1989 there was no longer enough space for all classes of Scoil Chaitlín Maude and the Board of Management had to divide the school. Two classes stayed in Scoil Náisiúnta Bríde and 1st, 2nd and 3rd class moved to Cumann Gaelach Thamhlachta which was 4km from the Infant classes. In March 1990, the Infant classes moved to Cnoc Mhuire Junior School. In September 1990 there was enough space made available for all of the classes. The school remained onsite at Cnoc Mhuire until 2016.


In May 2016, the school moved to a new permanent building in Hazelgrove estate. It is a two-storey, 16 classroom school.
​Naíonra Caitlin Maude is also based on the same site. 


Numbers at the school have grown rapidly since 1985. At the moment there are 345 children enrolled and 30 staff. In the initial years of the school there was great uncertainty from year to year about the location of the school and this did not help to encourage parents to enroll their children. This is not an issue now and the Infant classes are full each year.

There are Irish language classes available to the parents of the school so that they can improve their own Irish. Children of past pupils now attending the school which is lovely to see.



PictureCaitlín Maude
Bhí Caitlín Maude (1941-1982) ina file, múinteoir, aisteoir agus amhránaí.
Caitlín Maude (1941 – 1982) was an Irish poet, teacher, actress and traditional singer.



Powered by Create your own unique website with customizable templates.